Aonach Ghort an Choirce ar an 6ú la den mhí, tá cuntas maith ag Mary anseo ar lá aonaigh agus an ceangal a bhí ag lá aonaigh le cleamhnas. As seo tháinig Aonach na nGáirí, Aonach na gCogarnach agus Aonach na Smuit, an míniú a bhí leis na hainmneacha seo. Ní bhíodh pósadh ar bith i rith an charghais.
00:03:13
An cleamhnas agus an pósadh. Ní bhíodh daoine ar bith ag scaradh an t-am sin. Bhéarfadh an t-athair cruth/spré dona iníon nuair a bhíodh sí ag gabháil a phósadh.
Bhíodh obair chrua ag na mná le déanamh an t-am sin agus bhíodh teaghlaigh mhóra san am sin, 12 ar an mheán. Bhíodh cuid de na fir ar shiúl ag obair in Albain.